Dá bhfaighinnse scilling le díol
Is canna maith dí le hól
Ó diabhal braon d’uisce na díge
‘Rachadh lem’ chroí go deo
Is ó boro braindí braindí
‘S ó boro braindí ó
‘S ó boro braindí braindí
‘S ragairne ó oíche go ló
Dob ait liom coinneal is píopa
Dob ait liom píopaire ceoil
Dob ait liom cuideacht’ im thimpeall
Is ragairne ó oíche go ló
Is ó boro braindí braindí
‘S ó boro braindí ó
‘S ó boro braindí braindí
‘S ragairne ó oíche go ló
Ólaim sláinte ár saoithe
Is sláinte ár ndaoine cóir
Is sláinte gach preabaire groí
A chaithfeadh le hintinn coróin
Is ó boro braindí braindí
‘S ó boro braindí ó
‘S ó boro braindí braindí
‘S ragairne ó oíche go ló
Is ó boro braindí braindí
‘S ó boro braindí ó
‘S ó boro braindí braindí
‘S ragairne ó oíche go ló
Éirigh, a Shinéid, cuir sios a’ scillid
Is déan a shuipéar do Sheán Mhac Aoidh
Ní éirim, ars’ Sinéad, ta’ poll ins an scillid
Is ligfeadh sé suipéar an duine bocht fríd
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
Éirigh, a Clódagh, cuir ort do chlóca
Téigh go tórraimh an fhir a fuair bás
Ní éirim, ars’ Clódagh, tá poll I mo chlóca
Ó fanfaidh mé anseo ag an fhear atá slán
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
Ó an radaire gan mhúineadh, gan mhúineadh
Ó an radaire Seán Mhac Aoidh
A strong comment here is specific: the phrase you keep hearing, the mood you come back for, or the reason this song stays in rotation.
Sign in to post the first listener note. Reporting stays open to everyone.