Is briste mo chroí, is uaigneach mo shlí
Is mo stóirín in a luí is mé cráite;
'S é deireadh mo shaol, is mo chailín beag rua
Sínte i gCrucán na bPáiste
Ni fheicfidh sí arís an drúcht ar an bhféar
Nó an sneachta i ngleannta Mhaamtrasna
Gan ghrian ar a h-aghaidh, gan ceol binn na n-éan
Ach an chré fuar i gCrucán na bPáiste
In ainm an Athair is in ainm an Mhic
Is a Mháithrín atá lán de ghrásta;
In ainm an Spioraid Naomh ná fág me beo
Is mo mháinlín i gCrucán bPáiste
Is buartha na sléibhte, is tá mairg ar an Mask
Is olc mise gan i bheith sábháilte;
Is an fhad a bhéas mé beo ní sheasfaidh mé ar fhód
Na hÉireann nó i gCrucán na bPáiste.
In ainm an Athair is in ainm an Mhic
Is a Mháithrín atá lán de ghrásta;
In ainm an Spioraid Naomh ná fág me beo
Is mo mháinlín i gCrucán bPáiste
A strong comment here is specific: the phrase you keep hearing, the mood you come back for, or the reason this song stays in rotation.
Sign in to post the first listener note. Reporting stays open to everyone.