Óró bog liom í, bog liom í, bog liom í
Óró bog liom í, cailin deas donn
Agus óró bog liom í, iompaigh is corraigh í
's de réir mar a bhogfaidh sí tiocfaidh sí liom
Dá bhfaighinnse mo chailín i lúbín na scairte
No i ngan fhios dá daidí i ngáirdín na n-úll
Thabharfainnse cogar di 'chuirfeadh a chodladh í
Is de réir mar a bhogfadh sí thiocfadh sí liom
Dá bhfaighinnse mo chailín deas thíos cois an chladaidh
No i ngan fhios dá daidí i mo churrach ar tonn
Thabharfainnse cogar di a chuirfeadh a chodladh í
Is de réir mar a bhogfadh sí thiocfadh sí liom
A strong comment here is specific: the phrase you keep hearing, the mood you come back for, or the reason this song stays in rotation.
Sign in to post the first listener note. Reporting stays open to everyone.